Bhí an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ina gceannairí feadhna ar shearmanas lasta coinneal le comóradh a dhéanamh ar 35 bliana ó thubaiste núicléach mhillteach Shearnóbail.
D’fhógair na Náisiúnaithe Aontaithe Dé Luain 26 Aibreán mar ‘Lá Cuimhneacháin Shearnóbail’ le comóradh a dhéanamh orthu siúd a thug a n-anamacha ar mhaithe le himpleachtaí tubaisteacha na hanachaine a chosc, mar aon leis na daoine a d’fhulaing agus a bhásaigh de dheasca na n-iarmhairtí ón tubaiste núicléach is measa i stair an duine daonna.
In 2017, rinneadh an chéad cheann Stáit lena thacaíocht a thabhairt do Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin Shearnóbail den Uachtarán Ó hUigínn. Ina litir thacaíochta don togra, thagairt sé don tubaiste i 1986 ag imoibreoir uimh. 4 I Stáisiún Núicléach Shearnóbail mar “lá dorcha i stair an duine”. (Brúigh anseo le teachtaireacht thacaíochta an Uachtaráin a léamh)
Imeachtaí ábhartha
- Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Chothrom Lae 35 bliain de Thimpiste Núicléach Shearnóbail (2021)
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh ghrúpa gasúr agus teaghlaigh, atá tagtha chun na tíre seo ar saoire, mar chuid den “Chernobyl Children International” (2018)
- Message from President Higgins marking the UN Chernobyl Disaster Remembrance Day (2017)
- Fáiltíonn an tUachtarán roimh ghrúpa leanaí as Chernobyl (2012)