Óstálann tUachtarán agus Sadhbhín an fhoireann Italia 90

Sat 15th Már, 2025 | 16:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Óstálann tUachtarán agus Sadhbhín an fhoireann Italia 90

D’óstáil Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn fáiltiú in Áras an Uachtaráin chun onóir a thabhairt do scuad sacair idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann a rinne ionadaíocht thar ceann na tíre ag Corn an Domhain 1990 san Iodáil. 

Is é 2025 comóradh 35 bliana ar éachtaí na foirne agus chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhaill den scuad chuig an Áras, faoi cheannas chaptaen na foirne Mick McCarthy. Bhí fear feistis Charlie O’Leary i láthair freisin, fear a cheiliúir a 101ú breithlá le déanaí.