
Beidh cothrom lae Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin ar an Luan 10 Aibreán 2023. Chun an ócáid a chomóradh, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn léiriú speisialta den taispeántas camchuairte Herstory dar teideal Banlaochra na Síochána a óstáil.
Is ardán scéalaíochta ildisciplíneach a thugann léargas ar eiseamláirí na mban agus a cheiliúrann iad atá in Herstory. Tá sé mar aidhm ag Banlaochra na Síochána aird a tharraingt ar ionchur na mban i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann.
Déanfaidh an taispeántas camchuairt ar roinnt láithreacha ar fud na hÉireann chun cothrom lae Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin a chomóradh.