An Oíche Chultúir in Áras an Uachtaráin ar scáth an Uachtaráin agus Sabina

hAo 20th Meá, 2019 | 18:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Friday, 20th September, 2019

An Oíche Chultúir in Áras an Uachtaráin ar scáth an Uachtaráin agus Sabina

Tá áthas ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus ar a bhean chéile, Saidhbhín Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal arís ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 20 Meán Fómhair, 2019. 

I mbliana, tá an tUachtarán agus Saidhbhín ag iarraidh leas a bhaint as Oíche Chultúir chun comóradh a dhéanamh ar bhronnadh Dhuais Nobel na Litríochta ar Samuel Beckett 50 bliain ó shin agus ar a bhás 30 bliain ó shin. 

Tabharfar léargas do chuairteoirí ar stair theach chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann agus cuirfidh Mouth of Fire dráma raidió Samuel Beckett “All that Fall” i láthair.