Fáiltiú á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín d’Fhoireann na hÉireann i bPáras 2024

hAo 13th Meá, 2024 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín d’Fhoireann na hÉireann i bPáras 2024

D’óstáil Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn, fáiltiú ag Áras an Uachtaráin do na lúthchleasaithe a raibh ionadaíocht den scoth déanta acu thar ceann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.
 
I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an imeacht bhí na buaiteoirí bonn óir Kellie Harrington, Fintan McCarthy agus Rhys McCleneghan, chomh maith le Philip Doyle agus Daire Lynch, ar éirigh leo boinn chré-umha a bhuachan.

I láthair chomh maith bhí Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh, anuas ar a n-iarrachtaí i gCluichí na bliana seo, ba bhonnbhuaiteoirí iad in Rio 2021. Ag an bhfáiltiú freisin bhí Sophie Becker, Phil Healy, Sharlene Mawdsley agus Kelly McGrory ar éirigh leo an cheathrú háit a bhaint amach sa rás sealaíochta, chomh maith le Seán Waddilove agus neart lúthchleasaithe agus stiúrthóirí éagsúla eile ó Team Ireland.  

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

"Ba iad Cluichí Oilimpeacha Pháras 2024 na Cluichí ba rathúla riamh d’Éirinn: le seacht mbonn buaite, ceithre bhonn óir agus trí bhonn cré-umha, chomh maith le 26 uair a raibh muid ar an deichniúr is fearr i spóirt ar leith. Is iad 134 lúthchleasaithe fhoireann na hÉireann, a bhí páirteach i 15 spóirt éagsúla, is cúis leis an rath seo. 

Bhí ceann de na seachtainí spóirt ab fhearr riamh againn sa tír seo le boinn buaite ag Mona McSharry, Daniel Wiffen, Rhys McCleneghan, Phillip Doyle, Daire Lynch, Paul O’Donovan, Fintan McCarthy agus Kellie Harrington.

Nach oiriúnach an scéal é chomh maith gur éirigh le muintir na hÉireann an gaisce seo a chur I gcrích 100 bliain tar éis don tír a bheith san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha mar náisiún neamhspleách i 1924, tráth ar éirigh le Jack Butler Yeats an bonn airgid a thabhairt leis sa chomórtas péintéireachta agus bhuaigh Oliver St. John Gogarty an bonn cré-umha san imeacht litríochta. 

Is ábhar mór bróid iad na bonnbhuaiteoirí seo ar fad do mhuintir an oileáin agus dóibh siúd níos faide i gcéin. 

Tagann na Cluichí Oilimpeacha tar éis dár lúthchleasaithe ceithre bliana fada a chaitheamh i mbun traenála agus iad féin á n-ullmhú don ócáid ollmhór seo. Is mian liom comhghairdeachas agus buíochas ó chroí a ghabháil leo ar fad as a seacht ndícheall a dhéanamh sna disciplíní éagsúla, agus as sáriarrachtaí pearsanta, curiarrachtaí náisiúnta agus curiarracht Oilimpeach a thabhairt leo chomh maith.

Tugaimid suntas inniu chomh maith don iarracht ollmhór ar chuir bhur gcóitseálaithe agus bhur dteaghlaigh isteach, a thacaigh libh na buaicphointí seo a bhaint amach, cuid mhaith díobh a thaisteal go Páras le tacú libh, agus tugaimid aitheantas freisin do gach uile duine a chuidigh libh ar fad ar bhur n-aistir éagsúla”.

Déanfaidh an tUachtarán gaiscí eiseamláireacha lúthchleasaithe na hÉireann ag Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh a cheiliúradh ag ócáid eile.