![Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina don Chór Taidhleoireachta agus dá dteaghlaigh](/images/made/44d1dc18a2367c64/NEW_YR_GREET_EXTRAS_MAX-1_720_480.jpg)
Ar an 30 Eanáir, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc traidisiúnta na hAthbhliana do bhaill an chóir taidhleoireachta.
Gach Eanáir, cuireann an tUachtarán fáiltiú ar siúl i gcomhair na nAmbasadóirí agus na n-ionadaithe consalacha as na tíortha iomadúla a bhfuil caidreamh taidhleoireachta acu le hÉirinn, agus labhraíonn sé leo faoi thábhacht na taidhleoireachta idirnáisiúnta agus an mheasa ar chearta an duine.