![Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar an gceolchoirm chéiliúrtha “Sounding Sionna: A Celebration of Music & Dance”](/images/made/44d1dc18a2367c64/University_Concert_Hall_810_x_456_720_404.jpg)
Thaisteal an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn go dtí an Ceoláras Ollscoile, Luimneach, le freastal ar ‘Sounding Sionna: A Celebration Of Music Dance’.
Bhí amhránaithe ar an sean-nós, mar aon le hamhránaíocht mheánaoiseach agus bharóic ann ar an oíche, a tháinig le fís bhunaitheoir an Acadaimh, Mícheál Ó Suilleabháin, nach maireann – bhí cultúr ceoil agus rince an domhain á cheiliúradh.
Tá an Ceoláras Ollscoile mar an chéad cheoláras saintógtha in Éirinn agus tá sé lonnaithe ar champas Ollscoil Luimnigh.