Déanann an tUachtarán agus Saidhbhín ceiliúradh ar Bloomsday 2021

All day | Céa 16th Mei, 2021 | 00:00

Déanann an tUachtarán agus Saidhbhín ceiliúradh ar Bloomsday 2021

Mar a dhéanann siad gach bliain, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Bloomsday a cheiliúradh.

I mbliana, reáchtáladh comóradh Bloomsday ar líne i bhfoirm físeán ó aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí éagsúla agus iad ar an ardán ar thailte Áras an Uachtaráin.

Thug an tUachtarán cuireadh d’ealaíontóirí cur i láthair a dhéanamh ag Áras an Uachtaráin mar chuid dá iarrachtaí tacú le healaíontóirí Éireannacha le linn ghéarchéim Covid-19.

I measc na n-ealaíontóirí a bheidh i mbun cur i láthair tá: Barry McGovern, Margaret Toomey, Brenda McSweeney, Noel O’Grady,  Eavan Gaffney, Clinton Liberty, John Feeley agus Fran O’Rourke.

Brúigh ar tháb na nÓráidí, na Fuaime nó na Físe le tuilleadh eolais a fháil.

 

Is cuid de thionscnamh an Uachtaráin, ‘Samhlaíocht agus an Náisiún’, é imeacht Bloomsday.

Craolfar an t-imeacht ar Oireachtas TV, RTÉ.ie agus beidh sé ar fáil freisin ar chainéal Youtube Áras an Uachtaráin.