D’fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ar Fhéile Robert Tressell 2025 i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath.
Scríbhneoir Éireannach ab ea Robert Tressell, a raibh cáil air mar gheall ar a úrscéal The Ragged-Trousered Philanthropists.
Is ceiliúradh é an fhéile ar Robert Tressell, a leabhar, a chultúr aicme oibre, agus ar dhlúthpháirtíocht na gceardchumann.
Thug an tUachtarán Ó hUigínn eochairóráid 2024 ag an bhféile. Is é an Seanadóir Bernie Sanders a thabharfaidh an eochairóráid i mbliana.