
D’fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín ar thaispeántas ag comóradh 15 bliain de Cheolfhoireann Tosaitheoirí Déanacha San Aignéas.
Is ionad barr feabhais í an tIonad pobail San Aignéas do Cheol agus na hEalaíona a bhrúnn comhionannas cultúrtha, muintearas agus sláinte chun cinn trí cheol agus na healaíona.
D’fhás ceolfhoireann tosaitheoirí déanacha San Aignéas go pobail spleodrach de níos mó ná 100 ball ó bhunaíodh í i 2010 mar thionscnamh de Scoil veidhlín agus Ceolfhoireann San Aignéas. Cuireann siad fáilte roimh bhaill nua nach bhfuil taithí cheoil ar bith acu.