... aghaidh an choinscríofa
Bhí an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag ceolchoirm i gcuimhne ar an stailc ghinearálta in aghaidh an choinscríofa, a d’eagraigh Comhdháil Cheardchumann na hÉireann in 1918.
Ba fhreagairt a bhí sa stailc aon lae, inar éirigh na céadta míle oibrithe Éireannacha as a gcuid oibre, ar iarrachtaí rialtas na Breataine coinscríobh éigeantach a thabhairt isteach chun cur le líon na dtrúpaí a bhí i mbun troda sa Chéad Chogadh Domhanda.