![Aitheasc ón Uachtarán ag Tionól na Náisiún Aontaithe maidir le rochtain uilíoch ar theicneolaíochtaí sláinte um COVID-19](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_UN_SPEECH_ARAS_MX-3_720_480.jpg)
Ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i gcruinniú Ardleibhéil Fíorúil de chuid na NA ar an gceart chun sláinte.
Tá sé léirithe ag géarchéim COVID-19 maidir leis an tsláinte, nach mbeidh duine ar bith sábháilte go dtí go mbeidh gach duine sábháilte. Ní aithníonn an phaindéim aon teorainn agus ní féidir dul i ngleic léi ach amháin trí dhlúthpháirtíocht dhomhanda agus trí chomhoibriú idirnáisiúnta.
Bhí sé mar aidhm ag an imeacht ardleibhéil “Fionnachtaithe ar son Sochaithe Síochánta, Córa agus Cuimsitheacha" atá á chomh-óstáil ag Uachtarán Chósta Ríce, A Shoilse Carlos Alvarado Quesada agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, fís roinnte den teacht ar theicneolaíochtaí sláinte COVID-19 ar shlí chothrom ar fud an domhain a chur in iúl.
Lean aitheasc an Uachtaráin a óráid d'imeacht comórtha 75 bliain na NA, níos luaithe sa tseachtain, inar chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim chomh maith ar leochaileacht agus idirspleáchas an chine dhaonna.