Tugann an tUachtarán aitheasc i ndáil le Deasghnáth Bliantúil um Chuimhneachán agus Buíochas ag Cumann Duán na hÉireann

Dom 15th Sam, 2020 | 11:00
suíomh: Newman Church

Newman Church

Sunday, 15th November, 2020

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i dteannta daoine as gach cúlra agus gach creideamh agus onóir á tabhairt do dheontóirí orgáin, ag an 35ú Seirbhís Bhliantúil Cuimhneacháin agus Buíochais de Chumann Duán na hÉireann.  

Craoladh an tseirbhís ar theilifís RTÉ. 

Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Chumann Duán na hÉireann, agus ina theachtaireacht thug sé ómós do dheontóirí orgáin, idir bheo agus mharbh, a chuir ar chumas daoine glacadh leis an "tíolacadh sin is luachmhaire, an bheatha agus an mhaireachtáil.” 

In 2018, rinne an tUachtarán Ó hUigínn Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh trí chuireadh a thabhairt do dheontóirí orgáin, d'fhaighteoirí, agus dá muintir chuig Áras an Uachtaráín, chun dlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht na ndeontóirí a cheiliúradh. Chun tuilleadh eolais ar an imeacht sin a fháil, cliceáil anseo.