Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag imeacht clabhsúir Scoil Samhraidh Uí Chinnéide 2018 i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman.
Chuir an tUachtarán crann sa Chranlann chomh maith, chun comóradh a dhéanamh ar oscailt Pháirc Chuimhneacháin JFK 50 bliain ó shin, páirc 623 acra i gcuimhne ar Uachtarán na Stát Aontaithe, John F. Kennedy, a d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera in 1968.
---
In 2013, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar chuairt an Uachtaráin John F. Kennedy go hÉirinn 50 bliain roimhe sin, i mí an Mheithimh 1963. Is féidir leat féachaint ar an teachtaireacht speisialta ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn anseo.
Sa bhliain chéanna, chuir an tUachtarán fáilte roimh Caroline Kennedy iníon iar-Uachtarán SA, go hÁras an Uachtaráin, i dteannta a fear céile, Edwin Schlossberg, a gclann Rose, Tatiana agus Jack, chomh maith le cuid mhaith de theaghlach Uí Chinnéide.
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gcrann a chuir an tUachtarán Ó Cinnéide i dtailte Áras an Uachtaráin trí chliceáil anseo.