Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc do shuí foirmiúil de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.
Ina óráid, labhair an tUachtarán ar thábhacht na freagrachta i ndaonlathais agus d’éiligh sé samhlacha nua den gheilleagar chun a chinntiú go mbeimid ábalta an ghéarchéim a shárú. Labhair an tUachtarán freisin faoin ngá le smaointe nua agus faoin tábhacht le smaointeoireacht sheanbhunaithe faoin ngeilleagar a cheistiú.
"Is oidhreacht í an Eoraip nach féidir neamhshuim a dhéanamh de. Tá cumha ag ár saoránaigh i ndiaidh teanga na dlúthpháirtíochta, tiomantas don chomhtháthú, agus reitric chuimsitheach atá cuí i dtaca le haontas polaitiúil atá ag forbairt."
Is féidir leat óráid an Uachtaráin a léamh anseo, nó éisteacht leis trí chliceáil ar an nasc thíos.