Tugann an tUachtarán aitheasc d’Institiúid Aíochta na hÉireann

Déa 26th Sam, 2020 | 17:30
Tugann an tUachtarán aitheasc d’Institiúid Aíochta na hÉireann

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do chruinniú saineolaithe agus gairmithe turasóireachta ar Lá na nGairmithe Fáilteachais agus Turasóireachta, arna eagrú ag Institiúid Fáilteachais na hÉireann.

 

Cuirfidh an t-imeacht, a bheidh ar siúl go fíorúil, ardán ar fáil d'úinéirí agus do bhainisteoirí óstán, bialann, áiteanna a mheallann turasóirí agus do ghnólachtaí taistil chun plé a dhéanamh ar cheisteanna tromchúiseacha atá roimh an earnáil.

 

 

Tacaíonn an tUachtarán Ó hUigínn go mór le hearnáil fáilteachais na hÉireann, agus baineann sé leas as an tionchar atá aige, agus as cruinnithe le Ceanna Stáit eile, chun aird a tharraingt ar obair na bhfiontar agus na gcomhlachtaí stáit Éireannacha, amhail Turasóireacht Éireann.