New Ambassadors present Credentials

Déa 17th Mei, 2021 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 17th June, 2021

New Ambassadors present Credentials

Chuir a Soilse, Ambasadóir Phoblacht na Tuirce agus Ambasadóir Cheanada a litreacha creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin.

Bhí A Shoilse, an tUasal Hakan Olcay, Ambasadóir na Tuirce, á thionlacan ag a bhean chéile, an tUasal Mehves Olcay.

Bhí A Soilse, an tUasal Nancy Smyth, Ambasadóir Cheanada á tionlacan ag a fear céile, an tUasal Lex Burger.        

Rinne an tUasal Damien English, T.D., Aire Stáit Gnó, Fostaíochta agus Miondíola, ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas.

Bhí na daoine seo i láthair chomh maith: An tUasal Orla O’Hanrahan, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; An tUasal Brendan Rogers, Leas-Ardrúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Coirnéal Stephen Howard, Aide-de-Camp an Uachtaráin, An tUasal Sarah Mangan, agus an tUasal Frank Bradley, Prótacal, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Bhí Tionlacan Onóra ag na hambasadóirí chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais le díorma gluaisrothair ón Dara Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Maurice Harnett.

Chuir Reisimint Airtléire na 1ú Bhriogáide, Dún Uí Choileáin, Corcaigh, Garda Onóra ar fáil in Áras an Uachtaráin, faoi cheannas an Leifteanaint Colum Byrne. Is é an Captaen John Carpenter a stiúir an 1ú Banna Airm, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.