Tá teachtaireacht speisialta faoi Covid-19 chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear taifeadta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, i gcomhair a craolta agus a foilsithe i nuachtáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
Ina theachtaireacht, tharraing an tUachtarán aird ar an ngá le Comhar, Cúram, Comhbhá agus Cineáltas inár bhfreagra comhchoiteann ar an bpaindéim.