Ar an 17 Bealtaine, thug mic léinn ó ITGM Leitir Fraic cuairt ar Áras an Uachtaráin chun saothar tionscadail, a rinneadh as adhmad a thug sé don choláiste, a bhronnadh ar an Uachtarán.
Is as crann a leagadh i dtailte Áras an Uachtaráin a tháinig an t-adhmad.
D’éirigh leis na mic léinn cuid mhaith rudaí áille agus samhlaíocha a chruthú, agus dúirt an tUachtarán go ndearnadh an t-idirdhealú idir ealaín agus ceardaíocht a laghdú.