Déanfar craoladh ar an mír dheiridh de chuid na seimineár Machnamh 100, dar teideal “Memory, History and Imagination”

Déa 17th Sam, 2022 | 19:00
suíomh: RTÉ Player

RTÉ Player

Thursday, 17th November, 2022

Déanfar craoladh ar an mír dheiridh de chuid na seimineár Machnamh 100, dar teideal “Memory, History and Imagination”

Bhí an séú seimineár, dar teideal “Cuimhne, Stair, agus Siamsaíocht”, ar siúl i mí na Samhna 2022. 
 
Tagann teideal na sraithe ón bhfocal Gaeilge ‘machnamh’, coincheap ársa sa Ghaeilge is ea é a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh.

Bhí an Dr John Bowman mar chathaoirleach ar na seimineáir ar fad, ó cuireadh tús leo i mí na Nollag 2020. Le linn an tseimineáir, cuireadh óráid i láthair agus iarradh ar scoláirí ceannródaíocha freagairt uirthi. Sna sé sheimineár roinn an tUachtarán Ó hUigínn agus 27 scoláirí ceannródaíocha a léargais ar chomhthéacs agus ar imeachtaí na tréimhse cinniúnaí céad bliain ó shin, agus mar aon le machnamh a dhéanamh ar chleachtas an chomórtha é féin.    
 
Tabharfaidh an t-údar agus staraí, an tOllamh Declan Kiberd ó Ollscoil Notre Dame agus Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, aitheasc ag an seimineár deireanach seo, dar teideal ‘Cuimhne, Stair agus Samhlaíocht’. 
 
I ndiaidh na cainte, freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an teoiricí cultúrtha agus léiritheoir scannáin Lelia Doolan; an tOllamh Angela Bourke ón gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath; agus iriseoir agus údar leis an BBC, Fergal Keane.  
 
Beidh eochairaitheasc ón Uachtarán Ó hUigínn, ‘1922 – An Bhliain ba Shuntasaí?’ ag an seimineár freisin. 
 
Foilsíodh ‘Machnamh 100 – Centenary Reflections, Volume 1’, leabhar clúdach crua a chuimsíonn óráidí agus cainteanna ón gcéad trí sheimineár, atá ar fáil i leabharlanna poiblí agus in ollscoileanna timpeall na tíre, chomh maith le via Scoilnet, tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais d’oideachasóirí agus do dhaltaí trí líonra 749 iar-bhunscoil.

Tá sé ar fáil mar e-leabhar saor in aisce ar shuíomh gréasáin President.ie freisin. Beidh Imleabhar 2, a mbeidh na trí chaibidil dheireanacha ann, le fáil go luath in 2023.