![Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais](/images/made/44d1dc18a2367c64/AM_CRED_LITHUANIA_MX-2_720_510.jpg)
Chuir A Shoilse, an tUasal Stanislav Vidovič, Ambasadóir Phoblacht na Slóivéine, agus A Shoilse, an tUasal Marijus Gudynas, Ambasadóir Phoblacht na Liotuáine a Litreacha Creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin inniu.
Bhí an Seanadóir Pippa Hackett, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara, a bhfuil cúram Usáid na Talún agus an Bhithéagsúlacht uirthi, i láthair ag na searmanais thar ceann an rialtais.
Bhí na daoine seo i láthair chomh maith: An tUasal Art O’Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; agus an tUasal Brendan Rogers, Leas Ard-Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha.