Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais

Céa 28th Dei, 2020 | 11:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 28th October, 2020

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais

Chuir a Shoilse, an tUasal Mohammed Belaoura, Ambasadóir Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, a Shoilse, an tUasal Vincent Guérend, Ambasadóir na Fraince, agus a Soilse, an tUasal Sandra Moira Wilkinson, Ambasadóir Phoblacht na hAirgintíne, a Litreacha Creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin.
 
Cuireadh na searmanais ar siúl de réir threoracha iomlána shláinte phoiblí Covid-19, agus riachtanais an scartha fhisiciúil san áireamh.
 
Bhí an tUasal Thomas Byrne, T.D., Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhfuil Gnóthaí an AE mar chúram air, i láthair ar son an Rialtais. 
 
Bhí na daoine seo a leanas i láthair chomh maith: An tUasal Art O’Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; agus an tUasal Niall Burgess, Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha.