Cuireann Ambasadóirí a nDintiúr i láthair

Mái 13th Ean, 2026 | 12:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Cuirfidh A Shoilse Manabu Miyagawa, Ambasadóir na Seapáine, A Shoilse Eshagh Alhabib, Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus A (Shoilse) Soilse Mariam Aftab, Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na Pacastáine, Litreacha a nDintiúr i láthair don Uachtarán Connolly ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.

Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.