Cuir A.S. Betty Escorcia Baquero, Ambasadóir Phoblacht na Colóime agus A.S. Nicolette Schreiber, Ambasadóir Phoblacht na hAfraice Theas, a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.
Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.